An Buachaill is Measa ar Domhan
  • SKU:
  • Ar fáil: i stoc Go leor i stoc As Stoc Thig an táirge seo a cheannacht ach tá sé as stoc

An Buachaill is Measa ar Domhan

£8.00
  • Cineál táirge: rang-4-5
  • Barrachód: 9781784441937
CUR SÍOS

Leagan Gaeilge den leabhar The Legend of the Worst Boy in the World, scríofa ag Eoin Colfer agus maisithe ag Tony Ross. Is í Máirín Ní Ghadhra, iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, a chuir Gaeilge air agus tá sé foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht. Tá an Ghaeilge sa leabhar spraíúil agus taitneamhach le léamh agus tá an leabhar feiliúnach do léitheoirí idir 7 agus 9 mbliana d'aois.

Níl ó Mháirtín ach cluas éisteachta a fháil óna mhuintir nuair a thagann sé abhaile ón scoil agus fonn clamhsáin air. Ach ní mórán ama a bhíonn ag a Mhamaí agus a Dhaidí dhó.


An chúis leis an easpa ama seo, dar le Máirtín, ná an ceathrar clamhsánach atá mar dheartháireacha aige. Cé a éistfidh lena chlamhsáin féin?


Socraíonn sé gurb éard atá uaidh ná duine fásta eile, duine fásta dá chuid féin, a éisteoidh lena chuid clamhsán ar fad. Bíonn riméad air nuair a chuimhníonn sé ar a Dhaideo; tá sé go maith ag éisteacht, agus tá neart ama aige le bheith ag éisteacht lena chuid clamhsán, dar le Máirtín.


Ach is cosúil go bhfuil smaointe eile ag Daideó. Is cuma cén scéal uafáis atá ag Máirtín dhó, bíonn scéal níos measa fós ag Daideó. Is beag sásamh a bhaineann Máirtín as a chuairteanna clamhsánacha go dtí an lá a chloiseann sé faoi scéal an bhuachalla is measa ar domhan agus bíonn a fhios aige go bhfuil scéal faighte aige nach mbeidh Daideo in ann a shárú.

Rang 4/5+

ATHBHREITHNITHE

TÁIRGÍ GAOLMHARA

AR AIS GO BARR AN LEATHANAIGH