Tá meas ag Siopa an Carn ar phríobháideachas agus sonraí pearsanta s'agat. Ní mór do Shiopa an  Carn aire a thabhairt do na sonraí s'agat agus tú ag úsáid an tsuímh seo. Beidh na sonraí a ghlacann nó a úsáideann tú ar an tsuíomh seo ag cloígh leis an pholasaí príobháideachais thíos luaite. Nuair a thugann tú na sonraí s'agat dúinn tá tú ag tabhairt cead dúinn iad a úsáid de réir an pholasaí thíos. 

Cad iad na sonraí a thógann muid uait?

Glacann muid taiféad ar do sheoladh "IP" (Internet Protocol) go dtig linn eolas a roinnt leat agus a ghlacadh uait trí an idirlín (féach faoi 'fianáin'). Beidh sonraí pearsanta cosúil le d'ainm, do sheoladh baile agus do sheoladh ríomhphoist uainn nuair atá tú ag clárú linn, nó má tá tú ag déanamh teagmhála linn le hearraí a cheannacht nó le fiosrúcháin. Coinníonn muid súil ar úsáid an tsuímh le leargas a fháil ar a luach.   

Duine nach ball é.

Bíonn an t-eolas a thógann muid uait in úsáid againn go díreach don fháth a thugtar iad. Mar shampla; beidh muid i dteagmháil leat más é gur chur tú fiosrúchán chugainn le haghaidh eolais agus thug tú do shonraí teagmhála de thairbhe seo. 

Thig a roghnú gan teagmháil a fháil ó 'Siopa an Carn" as teagmháil a dhéanamh linn ag info@siopaancarn.com

Fianáin

Is é fianáin an píosa eolais a chuireann an t-idirlín chuig ár bhfreastalaí sa tsiopa. Tá an t-eolas i dtaisce do thiomántán crua. Ní féidir le fianán do shonraí a fháil ón tiomántán crua nó aon eolas as suíomhanna eile. Ní dhéanann sé aon dochar do do chóras. 

Thig do bhrabhsálaí a athshocrú nach mbeid fianáin in úsáid nó le rabhadh a thabhairt duit nuair atá fianáin a chur chugat. Má roghnaíonn tú gan ghlacadh leis na fianáin ní bheidh rudaí ar leith ar an tsuíomh seo ag obair mar ba chóir (m.s seirbhisí agus tú logáilte isteach, agus gnátháiseanna gnó. Ní bhaineann muid úsáid as fianáin chur cur síos a dhéanamh ort.

Cén dóigh a bhaineann muid úsáid as na sonraí s'agat?

Más cuí baineann muid úsáid as do shonraí pearsanta le;

- Earraí a chur ar fáil duit nó do chomhlacht.

- Prófíliú ginearalta.

- Leat a chur ar an eolas faoi earraí agus seirbhísí eile a mbeadh suim agat iontu. 

- Eolas a roinnt leat faoi athruithe ar an tsuíomh. 

Aistriú Sonraí:

Agus an t-idirlín mar atá sa lá inniu, tá gach seans ann go mbeidh sonraí s'agat á roinnt fud fad an domhain go leictreonach le freastalaí eile, tíortha lasmuigh den Eoraip (nó European Economic Area) san áireamh. Is fiú a chuimhnigh nach ionann na cearta sonraí i ngach tír. 

Cé leo a scaoileann muid do shonraí?

Seans go mbeidh na sonraí s'agat á roinnt leis an tríú duine más gá le d'ordú a chomhlíonadh nó más gá ó thaobh teagmála de. Seachas sa chás seo, ní bheidh na sonraí á roinnt againn le haon duine ach amháin má tá cead faighte againn uait nó ón dlí. Sa chás seo b'éigeann dúinn iarraidh ar an tríú duine córas príobháideachais a leastan gan na sonraí s'agat a roinnt arís.


Margaíocht díreach

Thig ag am ar bith do shonraí a bhaint ón liosta teagmhála margaíochta.

Naisc

Tá naisc nn chuig suíomhanna eile tríd an tsuímomh seo. Níl freagracht orainn le cleachtaidh phríobháideachais na tsuíomhanna seo agus ba cheart duit léamh fríd na polasaithe s'acu. Níl anseo ach an polasaí a bhaineann leis na sonraí pearsanta a thógann 'Siopa an Carn'. 

Sábháilteacht

Ar an drochuair ní féidir 100% sábháilteachta a ghealladh agus sonraí á roinnt ar an idirlín ach déanann muid gach iarracht to shonraí a choinneáilt sábháilte. 

Tá meas ag Siopa an Carn ar do shonraí agus tá gach réamh-aire déanta dhul i ngleic le haon riosca. 

Meon Oscailte

Tá an-iarracht déanta ag Siopa an Carn do shonraí a choinneáilt slán ach má tá aon cheist nó gearrán le déanamh agat maidir leis seo, iarrann muid ort teagmháil a dhéanmah linn ag info@siopaancarn.com ar dtús báire.

Míchruinneas & Ceartúcháin

Ba mhian linn na sonraí s'agat a choinneáilt suas chun dáta agus má thugann tú le fios go bhfuil meancóg nó uasdhátú le déanamh déan teagmháil linn ag info@siopaancarn.com

Athruithe leis an pholasaí seo

Tá gach seans ann go dtiocfaidh athraithe leis an pholasaí príobháideachais seo agus ní mór duit súil a caitheamh air achan uair a thugann tú cuairt ar an tsuíomh.

AR AIS GO BARR AN LEATHANAIGH