Tá muid ábalta súil a choinneáilt ar sheachadadh na n-earraí agus mar sin de, muna bhfuil d'earraí leat taobh istigh de na treoracha thíos luaite, le do thoil, déan teagmháil linn ag; info@siopaancarn.com

- Fastway Courier: Ard-chaighdéan Seachadta. 

Éire & Tuaisceart na hÉireann -  an lá dár gcionn ó cuireadh amach an beart (Nóta: glacann roinnt áiteanna in Éirinn 2 lá).

Ríocht Aontaithe - 2 lá oibre ó cuireadh an beart. 

- Royal Mail: Post cláraithe - Cinntíonn an post cláraithe an seachadadh. Tugann sé cead dúinn súil a choinneáil ar sheachadadh na n-earraí sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn. Má chuirtear roimh 12pm é.

Tuaisceart na hÉireann - an lá dár gcionn.

Deisceart na hÉireann - 2 - 3 lá ón lá a cuireadh é. 

An ríocht aontaithe - 2 - 3 lá oibre ón lá a cuireadh é.

Agus tú ag cinntiú d'ordú ar líne, tiocfaidh an costas seachadta aníos. Tá an costas de réir meacháin, méide agus an áit a bhfuil an t-earra ag dul. 

Beidh earraí ar leith le feiceáil ar an tsuíomh ach a bheidh as stoc. Thig go fóill ordú a dhéanamh ar na hearraí seo, ach le hearraí lámhdhéanta, is dócha go mbeidh moill ar an ordú s'agat go dtí go mbeidh sé réidh. Rud nach bhfuil neart againn air. Má tá tú sásta leanstan leis an ordú beidh muid i dteagmháil leat maidir le meastachán ar an dáta a bheidh sé linn. Tabharfar an rogha duit fosta scrios a dhéanamh ar an ordú muna bhfuil tú sásta fanacht leis.

Má tá éileamh a dhéanamh ar dhamáiste ní mór duit teagmháil a dhéanamh le info@siopaancarn.com taobh istigh de 7 lá ón lá a tháinig an beart chugat. Ní mór teagmháil a dhéanamh le linn 20 lá ar aon bheart nár tháinig chugat ar chóir ar bith. Déan teagmháil linn le hathchur a shocrú. 


AR AIS GO BARR AN LEATHANAIGH