Idir an Dá Fhearsaid  by Róise Ní Bhaoill
  • SKU: ID8809
  • Ar fáil: i stoc Go leor i stoc As Stoc Thig an táirge seo a cheannacht ach tá sé as stoc

Idir an Dá Fhearsaid by Róise Ní Bhaoill

£14.00
CUR SÍOS

Sna dánta seo, nochtar intinn file ar ábhar suntais agus iontais di an saol mór. Déanann sí an saol sin a thomhas agus a mheá go glinnsúileach, ag ceistiú éagóra agus leatroim, ag ceiliúradh cumainn dhaonna, ag móradh scéimh na cruinne. Tá úire agus ionracas sna dánta seo ar ungadh agus ar dhúshlán iad, a chorraíonn agus a dhreasaíonn, agus fágann an bailiúchán filíochta seo an léitheoir níos saibhre agus níos tuisceanaí dá bharr.

‘Is fiosracht agus intleacht agus creideamh i dteacht aniar an duine agus i gcumhacht na healaíne a shamhlaítear le cuid filíochta Róise Ní Bhaoill. Tugtar cuireadh chun machnaimh dúinn, cuirtear friotal ar ábhair ár n-imní, agus cruthaítear íomhánna láidre a fhanann sa chuimhne.’—Máirín Nic Eoin

ATHBHREITHNITHE

TÁIRGÍ GAOLMHARA

AR AIS GO BARR AN LEATHANAIGH