Éanlaith Iarthuaisceart Thír Chonaill
  • SKU:
  • Ar fáil: i stoc Go leor i stoc As Stoc Thig an táirge seo a cheannacht ach tá sé as stoc

Éanlaith Iarthuaisceart Thír Chonaill

£17.99
  • Barrachód: 9781739255138
CUR SÍOS

Cnuasach grianghraf agus téacs ar ghné den fhiadhúlra in Iarthuaisceart Thír Chonaill, taobh tíre a bhfuil taithí ag an údar air, atá sa leabhar seo. Shiúil sé a dhúiche agus ceamara ina láimh aige. Thapaigh sé deiseanna, ach é a bheith gasta go leor go minic, le taifead a dhéanamh ar na héanacha sa cheantar ó Ghaoth Beara na dtonn chun na Dúchoradh aníos a fhad le Gleann Bheatha agus chomh fada le Dún Fionnachaidh ó thuaidh ag pilleadh siar bealach an chósta chuig inbhear Abhainn Ghaoth Beara.

Is éard atá sa téacs ná cnuasach de mhíreanna eolais inspéise; iompar na n-éanacha, béaloideas fúthu, an chiall a bhaineann leis na hainmneacha eolaíocha, logainmneacha a bhaineann leo, agus seanfhocail.

Tá léargas ar fáil ar an dóigh a thiompaíonn rotha mór an tsaoil ag na héanacha agus an tionchar a bhíonn ag na séasúir ar na speicis éagsúla a bhíonn inár measc, roinnt acu ag imeacht uainn agus a thuilleadh ag tarraingt orainn, chomh maith leo sin a chónaíonn go buan inár gcuideachta.Is leabhar ar leith é seo a chuireann eolas agus ábhar ar fáil faoi níos mó ná 100 speiceas éanacha.

ATHBHREITHNITHE

TÁIRGÍ GAOLMHARA

AR AIS GO BARR AN LEATHANAIGH