CISEÁN

Níl táirgí sa chiseán agat

IOMLÁN:
£0.00
Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach
  • SKU: UN8789
  • Ar fáil: i stoc Go leor i stoc As Stoc Thig an táirge seo a cheannacht ach tá sé as stoc

Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach

£20.00
CUR SÍOS

Saothar nuálaíoch é Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís útóipeach Ghaelach a dhéanann athbhreithniú ar an meon a spreag giniúint agus fás ghluaiseacht na hathbheochanna in Éirinn ó aimsir an fin de siécle ar aghaidh. Trí staidéar beathnaisnéiseach a dhéanamh ar Úna Ní Fhaircheallaigh,an bhean ba theanntásaí i saol na Gaeilge i rith na tréimhse sin, tugtar léargas úr ar thionchar na n-óg ar athbheochan na Gaeilge, agus déantar athléamh ar fheidhm agus ar thábhacht na mban sa ghluaiseacht úd,bíodh an litríocht, an spórt,cúrsaí léinn, cúrsaí polaitíochta, nó feachtais ar son na cothromaíochta inscnei gceist. Léirítear tionchar smaointeachas an útóipeachais- a raibh borradh faoi sa naoú haois déag- ar lucht na hathbheochanna agus déantar scagadh ar an gcineál útóipeachais, mar atá, an fhís útóipeach Ghaelach, a ghríosaigh leasaitheoirí sóisialta an Náisiúnachais chultúrtha chun cúl a thabhairt le stair ghránna an naoú haois déag agus chun malairt todhchaí a shamhlú agus a chur chun cinn in Éirinn san fhichiú haois.

ATHBHREITHNITHE

TÁIRGÍ GAOLMHARA

AR AIS GO BARR AN LEATHANAIGH