Níl táirgí sa chiseán agat
Is cuid den tsraith de leabhair ghearra ó Open Door iad le haghaidh léitheoirí atá ag forbairt a scileanna, agus anois tá siad aistrithe go Gaeilge den chéad uair le tacaíocht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus tá siad go hiontach le haghaidh daoine atá ag foghlaim na Gaeilge
Baile Átha Cliath, sa bhliain 1972. Déagóirí is ea Ruaidí agus Pancho, a rugadh is a tógadh i gceantar an Phoirt Thuaidh. Tá Ruaidí ag barr an ranga, agus tá sé sármhaith ag an mata. Bua eile ar fad atá ag Pancho – suimeanna airgid a aimsiú, seachas suimeanna a dhéanamh. Tá tuismitheoirí Ruaidí i mbun an Chomhair Chreidmheasa áitiúil. Bíonn athair Pancho i mbun drabhláis i dtithe tábhairne na cathrach gach lá pá. Tá difear lá agus oíche idir saol na mbuachaillí, ach is dlúthchairde iad mar sin féin. Lá, agus é ag seachadadh nuachtán mar is gnách, siúlann Ruaidí isteach san áit a ndearnadh robáil. Is amhlaidh a bhris gadaithe isteach i dteach ‘chailleacha an Phoirt Thoir’, beirt deirfiúracha aosta. Ach d’fhág na gadaithe airgead ina ndiaidh. Tá rogha mhór le déanamh ag Ruaidí agus Pancho...
Logáil isteach le do thoil agus beidh an táirge curtha le do mhianliosta.