Scéalta Nuachta by Deaglán de Bréadún
  • SKU:
  • Ar fáil: i stoc Go leor i stoc As Stoc Thig an táirge seo a cheannacht ach tá sé as stoc

Scéalta Nuachta by Deaglán de Bréadún

£13.00
CUR SÍOS

Sna haistí seo a foilsíodh i leathanaigh an Irish Times agus roinnt acu le déanaí in iris Comhar féin, tugann an t-údar ar thuras muid chuig an Rúis, an Iaráin, an Churdastáin, an Éigipt, agus Iosrael. Caitheann sé a shúil ar cheisteanna polaitíochta na hÉireann, idir thoghcháin, rialtais agus reifrinn. I gcaitheamh a shaoil ghairmiúil, d’éirigh le Deaglán iontaoibh pholaiteoirí a fháil agus tugann na haistí seo léargas dúinn ar thuiscint pholaitiúil agus stairiúil an údair.

Duine de na hiriseoirí is mó taithí in Éirinn is ea Deaglán de Bréadún. Chaith sé a lán blianta leis an Irish Times, mar Eagarthóir an Tuaiscirt, mar Chomhfhreagraí Gnóthaí Eachtracha, mar Chomhfhreagraí Polaitiúil, mar Eagarthóir Gaeilge agus i bpostanna eile. Ina dhiaidh sin, bhí sé mar Eagarthóir Polaitiúil leis an Irish Sun agus mar Chomhfhreagraí Raidió Áitiúil le Tithe an Oireachtais. I measc na leabhar eile uaidh tá Power Play: The Rise of Modern Sinn Féin (Merrion Press) agus Cinnlínte: Saol an Iriseora (Cois Life). Is ball de Chomhairle Preasa na hÉireann é freisin.

ATHBHREITHNITHE

TÁIRGÍ GAOLMHARA

AR AIS GO BARR AN LEATHANAIGH