Níl táirgí sa chiseán agat
Agus iad ag iarraidh a dtailte a chosaint ó ghadaithe, buaileann Moll, Liam agus a gcairde le harracht de bheithíoch ollmhór darb ainm An Bhrúid Dhubh. Is cúis imní é seo do Chomhairle an Bhaile – cé leis an bhrúid seo atá faoi gheasa ag an dubhealaín? Cad atá i ndán don sráidbhaile muna gcuirtear stop léi? Caithfear teacht ar fhreagraí go beo! Seoltar Moll, Liam agus cuid dá gcairde go dtí Oileán na nDraoithe chun an scéal a fhiosrú agus is ann a chastar Sorcha orthu – cailleach óg na bpréachán.
Logáil isteach le do thoil agus beidh an táirge curtha le do mhianliosta.