An Diabhal Déanta by Joe Steve Ó Neachtain
  • SKU:
  • Ar fáil: i stoc Go leor i stoc As Stoc Thig an táirge seo a cheannacht ach tá sé as stoc

An Diabhal Déanta by Joe Steve Ó Neachtain

£12.00
CUR SÍOS

Is fada an lá é molta scéal chuile dhuine a bheith agatsa ach gan do scéal féin a bheith ag duine ar bith. Ach is mór an mhaith nár thug Joe Steve Ó Neachtain mórán airde ariamh ar an gcomhairle sin. Mar is é atá sa saothar seo uaidh meascán dá scéal féin agus taithí dhaoine eile, beagáinín beag bídeach de scéal an ghamhna bhuí agus oiread na fríde de phaidir an chapaill, an scéal fada giorraithe agus fad bainte as an scéal gearr. Sa gcnuasach seo cíortar ábhair mar an saol mór ag brú isteach ar an mbaile beag, an rachmas ag srachailt leis an mbochtanas, agus an grá agus an briseadh croí in árach a chéile gan stad gan staonadh.

Joe Steve Ó Neachtain

Ar an gCré Dhubh sa Spidéal a rugadh Joe Steve Ó Neachtain sa bhliain 1942. Thosaigh sé ag scríobh sa bhliain 1969 agus tá sé ag scríobh ó shin i leith. Tá idir dhrámaí, úrscéalta, ghearrscéalta, fhilíocht, sceitseanna, amhráin agus agallaimh bheirte scríofa aige. Is iomaí gradaim atá bronnta ar Joe Steve Ó Neachtain. Ina measc, bronnadh Gradam Jacobs ar shraith drámaí dá chuid, Baile an Droichid, a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 1985 go 1995, agus bronnadh Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnacht ar an leabhar gearrscéalta Clochmhóin (1998) agus ar an úrscéal Lámh Láidir (2001). Tá sé pósta le Máirín agus tá triúr clainne orthu.

ATHBHREITHNITHE

TÁIRGÍ GAOLMHARA

AR AIS GO BARR AN LEATHANAIGH