CISEÁN

Níl táirgí sa chiseán agat

IOMLÁN:
£0.00
An Crann Cois na Trá
  • SKU: CR8750
  • Ar fáil: i stoc Go leor i stoc As Stoc Thig an táirge seo a cheannacht ach tá sé as stoc

An Crann Cois na Trá

£9.00
CUR SÍOS

Is é “The Tree By The Sea” an chéad
leabhar de chuid Debbie Deegan agus
an chéad leabhar sa tsraith ‘The Tree By
the Sea’. Insíonn sé scéal faoi chrann
cufróige speisialta atá in aice le Cuan
Bhaile Átha Cliath. Bhí an crann ag fáil
bháis ach shocraigh an t-ealaíontóir
crainn Tommy Craggs saol eile a
thabhairt don chrann trí
dhealbhadóireacht ealaíonta a
dhéanamh ar chraiceann an chrainn.

Bhí spéis ag Debbie sna hainmhithe
draíochtúla a shnoigh Tommy sa
gcrann. Shamhlaigh sí na hainmnithe
seo ag bronnadh mianta ar na páistí a
thug cuairt ar an gcrann. Le cabhair ón
maisitheoir áitiúil Bronagh Lee, thug
siad an leabhar chun críche. Tá sé
aistrithe anois go Gaeilge ag Fearghas
Mac Lochlainn faoin teideal “An Crann
Cois na Trá.” Tá teachtaireacht álainn
sa leabhar seo faoi áilleacht agus
saibhreas na timpeallachta agus an
tábhacht a bhaineann léi.

Is scéal aoibhinn é a spreagann meas
ar áilleacht agus tábhacht an dúlra
agus scéal atá lán le samhlaíocht agus
iontas.

ATHBHREITHNITHE

TÁIRGÍ GAOLMHARA

AR AIS GO BARR AN LEATHANAIGH