Gramadach gan Stró by Eamonn O Donaill
  • SKU:
  • Ar fáil: i stoc Go leor i stoc As Stoc Thig an táirge seo a cheannacht ach tá sé as stoc

Gramadach gan Stró by Eamonn O Donaill

£24.95
CUR SÍOS

Is é seo an tríú heagrán de ghraiméar móréilimh Ghaelchultúir, a bhfuil 10,000 cóip de díolt ó foilsíodh den chéad uair é in 2008. San eagrán nua méadaithe seo, díritear ar roinnt gnéithe den ghramadach nach raibh aon eolas tugtha fúthu sa chéad dá eagrán agus tá neart ceachtanna breise curtha ar fáil freisin.

D'fhéach an t-údar le simpliú a dhéanamh ar go leor de na rialacha agus de na moltaí atá le fáil sa Chaighdeán Oifigiúil Athbhreithnithe agus rinne sé iarracht iad a chur i láthair ar bhealach simplí, sothuigthe.

Tá Gramadach gan Stró! dírithe ar dhaoine a bhfuil caighdeán réasúnta maith bainte amach acu sa Ghaeilge labhartha cheana féin ach ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid gramadaí. tá sé oiriúnach dóibh siúd nach dtuigeann leabhair ghramadaí de ghnáth agus a cuireann rialacha casta mearbhall orthu.

ATHBHREITHNITHE

TÁIRGÍ GAOLMHARA

AR AIS GO BARR AN LEATHANAIGH