Croí Cine
  • SKU:
  • Ar fáil: i stoc Go leor i stoc As Stoc Thig an táirge seo a cheannacht ach tá sé as stoc

Croí Cine

£25.00
CUR SÍOS

Leabhar ar leith é seo, é níos mó agus níos cuimsithí ná an chéad eagrán a foilsíodh i 1990, agus a ghnóthaigh iomrá ag an am. Ar leibhéal amháin, is cnuasach é de na céadta sleachta gairide as litríocht na Gaeilge - scothshamplaí de smaointe, den fhilíocht, de nathanna, agus de rudaí fiúntacha - a cumadh ó cuireadh peann Éireannach le pár i gcéaduair sa séú céad. Pléitear ceisteanna iontu: mar shampla, meon an phobail sa saol Gaelach i leith na cléire, ról na gcineálacha éagsúla amhrán mar ábhar meanma agus misnigh i measc aicmí éagsúla den phobal, an náisiúntacht vs an náisiúnachas, tábhacht agus todhchaí na Gaeltachta, na trí mhórchúis a thug cúlú na Gaeilge sa naoú céad déag. Tá innéacs nua cuimsitheach ginearálta leis an eagrán seo a chuireann go mór lena fhiúntas.

ATHBHREITHNITHE

TÁIRGÍ GAOLMHARA

AR AIS GO BARR AN LEATHANAIGH