Ceann Fhaoladh le Brian Ó Baoill
  • SKU:
  • Ar fáil: i stoc Go leor i stoc As Stoc Thig an táirge seo a cheannacht ach tá sé as stoc

Ceann Fhaoladh le Brian Ó Baoill

£7.00
CUR SÍOS

Saighdiúir agus scoláire ab ea Ceann Fhaoladh a bhí beo sa seachtú aois. Bhí clú agus cáil air mar ollamh agus mar rí i mBaile an Easa, áit a raibh dún aige, idir Gort an Choirce agus an Fál Carrach

Chuir sé tús le litríocht na Gaeilge nuair a scríobh sé an chéad leabhar sa teanga riamh. Chuir sé gramadach na Gaeilge le chéile, nuair nach raibh gramadach aon teanga ar fáil ach an Ghréigis is an Laidin. Ba eisean ba chúis le príomhtheanga an léinn in Éirinn a athrú ón Laidin go dtí an Ghaeilge. Ba ghaiscíoch cogaidh é freisin, a throid go cróga i gCath Mhaigh Rátha agus comhraic fhuilteacha eile na haimsire sin. Tá an t-úrscéal seo bunaithe ar a chuid scríbhinní féin, cuntais air i lámhscríbhinní is leabhair, agus scéalta a insítear faoi ina cheantar féin. Cuirtear síos go beo bríomhar ar éachtaí Cheann Fhaoladh ar pháirc an chatha agus i gcúrsaí léinn. Cuirimid aithne ann ar dhuine de laochra móra na nGael

ATHBHREITHNITHE

TÁIRGÍ GAOLMHARA

AR AIS GO BARR AN LEATHANAIGH