CISEÁN

Níl táirgí sa chiseán agat

IOMLÁN:
£0.00
Bhíodar Aréir Ann by Clíodna Cussen
Bhíodar Aréir Ann by Clíodna Cussen
  • SKU:
  • Ar fáil: i stoc Go leor i stoc As Stoc Thig an táirge seo a cheannacht ach tá sé as stoc

Bhíodar Aréir Ann by Clíodna Cussen

£7.50
CUR SÍOS

I gCo. Luimhnigh, ar imeall Chontae Chiarraí, atá Ráth Chathail mar a bhfuil an t-úrscéal seo lonnaithe. Scéal stairiúil é a cheanglaíonn saol eachtraí clainne le himeachtaí móra i saol corraithe an cheantair ag tús an naoú céad déag

Tosnaíonn an scéal leis an rachmas a tháinig leis an gcogadh idir Shasana agus fórsaí Napoleon ag tús an chéid sin. Féachtar ar eachtraí na clainne tríd an nganntanas a lean deireadh an chogaidh, cogadh a chríochnaigh ag an tráth céanna le héirí amach Captain Rock agus le tús ré Dhónaill Uí Chonaill

Feictear an saol suaite baolach úd trí shúile géara na hógmhná, í ag tógáil clainne sa cheantar úd ar imeall Shliabh Luachra. Is tríd an tsúil ghéar chéanna a fhaighimid léargas ar an achrann idir an gníomaire nua, duine gránna darbh ainm Alexander Hoskins agus pobal na háite

Scríobhann Clíodhna le tuiscint mar tógadh in Iarthar Luimhnigh í agus tá atmasféar an tréimhse tógtha go seoigh aici

ATHBHREITHNITHE

TÁIRGÍ GAOLMHARA

AR AIS GO BARR AN LEATHANAIGH