Beartas Úr na nGael: Dálaí na Gaeilge san Iar-Nua-Aoiseachas
  • SKU: BE7649
  • Ar fáil: i stoc Go leor i stoc As Stoc Thig an táirge seo a cheannacht ach tá sé as stoc

Beartas Úr na nGael: Dálaí na Gaeilge san Iar-Nua-Aoiseachas

£12.00
CUR SÍOS

Diagnóis bhríomhar agus prognóis dhearfach ar cheist na nGael atá sa leabhar seo. Cuirtear beartais úra, thacúla agus phraiticiúla chun cinn do phoball na féiniúlachta Gaeilge. Is é aidhm na n-aistí sa leabhar seo moltaí forásacha a chur i láthair le cumas a thabhairt do Ghaeil ina ndúshláin chomhaimseartha agus le díospóireacht bhisiúil a chothú ina leith. Tabharfaidh sin misneach agus dóchas dóibh siúd ar mór acu an Gaelachas agus tacóidh moltaí an fhoilseacháin leis na pobail ar mian leo brí a thabhairt don fhéiniúlacht seo.

Féachann an anailís úr seo le héalú as an dioscúrsachas ciorclach, trí mheán cruthaitheacht straitéiseach i leith thosca casta comhaimseartha na nGael agus na nÉireannach. I bprógnóis an leabhair seo tugtar an iarracht chomhaimseartha is ábhartha le cur chuige nua a shainiú, bunaithe ar anailís theangeolaíochta, shocheolaíóchta agus mhacrapholaitiúil ar dhálaí na nGael in Éirinn.

Láithríonn an plé anseo an tsintéis shoc-acadúil is forásaí nua-aoisí dá bhfuil ann; á bunú ar anailís agus thuiscintí fianaisebhunaithe na hantraipeolaíochta, na sochtheangeolaíochta agus na déimhitheangeolaíochta comhaimseartha.

Beartas chun dóchais atá á chíoradh i smaointeoireacht cheannródaíoch an leabhair seo a chuirfidh bonn fóinteach gnímh ar fáil don phobal.

ATHBHREITHNITHE

TÁIRGÍ GAOLMHARA

AR AIS GO BARR AN LEATHANAIGH