As Smaointe tig Gníomh Coláiste Uladh, an Ghaeilge agus 1916
  • SKU:
  • Ar fáil: i stoc Go leor i stoc As Stoc Thig an táirge seo a cheannacht ach tá sé as stoc

As Smaointe tig Gníomh Coláiste Uladh, an Ghaeilge agus 1916

£25.00
CUR SÍOS

Cnuasach tríocha is a cúig alt atá sa leabhar seo a cheiliúrann tréimhse thar a bheith spéisiúil i stair na hÉireann agus i stair pharóiste Chloich Cheann Fhaola: tréimhse na hAthbheochana, blianta tosaigh Choláiste Uladh, laochra an Aiséirí – Pádraig Mac Piarais, Seosamh Máire Pluincéid agus Ruairí Mac Easmuinn, agus daoine iomráiteacha eile a raibh baint acu le Coláiste Uladh ar bhealaí éagsúla. Tá na léachtaí a tugadh i nGort an Choirce thar dheireadh seachtaine Chomóradh an Chéid 1916 foilsithe anseo fosta chomh maith le hathfhoilsiú ar ailt, tuairiscí agus cuntais as nuachtáin srl. an ama sin a fuarthas in: An Claidheamh Soluis, Ardfheiseanna Chonradh na Gaeilge, An Cumann le Béaloideas Éireann, The New Ireland Review, The Derry People and Donegal News, srl.

Ag deireadh an leabhair tá dhá alt ag cur síos ar na himeachtaí éagsúla a d’eagraigh Coiste Comórtha Choláiste Uladh do 2016 chomh maith le seanmóirí tochtmhara a thug an tAth. Seán Ó Gallchóir, S.P. Gort an Choirce, faoi Shéamus MacGéidigh, laoch mór na Gaeilge a fhuair bás le linn an chomóraidh.

ATHBHREITHNITHE

TÁIRGÍ GAOLMHARA

AR AIS GO BARR AN LEATHANAIGH