An Túr Solais
An Túr Solais
  • SKU:
  • Ar fáil: i stoc Go leor i stoc As Stoc Thig an táirge seo a cheannacht ach tá sé as stoc

An Túr Solais

£6.50
CUR SÍOS

Is é An Túr Solais an chéad leabhar i dtriológ atá scríofa ag Ríona Nic Congáil, a céadfhoilsíodh sa bhliain 2004.

Osclaíonn an scéal seo le fuadach linbh: deirfiúr óg Luan. Ní fada go bhfaigheann sé amach cé atá taobh thiar den eachtra seo: Danu a sheanmháthair olc atá ina banríon ar oileán Tír na mBan. Ar aghaidh leis ar luas lasrach chuig Tír na mBan, oileán draíochta lánmhná cé gur thug a mháthair rabhadh géar dó gan cos a leagan ar an oileán sin choíche. Tagann sé ar oileán ina bhfuil muintir na háite faoi smacht banríon ghránna chruálach. Ní fhearaítear fáilte roimh bhuachaillí ann – go háirithe buachaillí le ball seirce orthu.

Ó thús deireadh, is leabhar deas é seo atá dírithe ar dhéagóirí óga. Bheadh sé go breá mar áis teagaisc i ranganna sinsearacha bunscoile nó i ranganna sóisearacha na meánscoile freisin. Níl an Ghaeilge sa leabhar róchasta agus dá bhrí sin d’fhéadfaí An Túr Solais a léamh i rang ar bith a bhfuil cumas measartha maith Gaeilge ag na páistí ann. Tá gnéithe den mhiotaseolaíocht thraidisiúnta mar aon le téamaí nua-aimseartha fite fuaite tríd an sceal. D’éirigh go maith léi mar is leabhar fíorshuimiúil é. Cuireann léaráidí boga sciliúla le Sharon O’Grady go mór leis an scéal. Cabhraíonn na pictiúir leis na híomhánna casta a chur in iúl dúinn. Ar an iomlán, fiosraíonn an leabhar seo an nádúr daonna agus an tábhacht a bhaineann le moráltacht agus le cúrsaí clainne trí shúile an phríomhcharachtair Luan. Meallann na constaicí suimiúla a chuirtear os comhair Luan an

ATHBHREITHNITHE

TÁIRGÍ GAOLMHARA

AR AIS GO BARR AN LEATHANAIGH