Níl táirgí sa chiseán agat
Téann Eoin Ó Síocháin, gníomhaí óg cearta daonna as Co. an Chláir, go dtí an Bhrasaíl chun taighde a dhéanamh ar choimhlint fhuilteach idir treibh bhundúchasach agus úinéirí talún. De réir mar a chuireann sé aithne ar mhuintir na háite tagann sé ar an tuiscint nach bhfuil an scéal chomh simplí agus a shíl sé ar dtús - ach faoin am sin, tá sé rómhall. Dá lomainneoin, beidh ról lárnach le himirt ag Eoin sa choimhlint nuair a thagann sí chun buaice.
Slogtar an léitheoir isteach sa scéal go dtí an nóiméad deireanach nuair a bhristear alltacht an deiridh orainn... Fáiltím roimh scéal Gaeilge atá suite ní hamháin chomh fada sin ó bhaile, sa Bhrasaíl, ach a dhéanann iarracht chomhfhiosach, iarracht a n-éiríonn thar barr léi, cás na háite a cheangal le cás na Gaeilge agus na hÉireann. Molaim an chaolchúis lena ndéantar sin, a léiríonn dainséar na soineantachta agus dainséar na comparáide éasca.'
- Máire Ní Annracháin, Ollamh le Teanga agus Litríochta na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.
Logáil isteach le do thoil agus beidh an táirge curtha le do mhianliosta.