An Chonair Chaoch
  • SKU:
  • Ar fáil: i stoc Go leor i stoc As Stoc Thig an táirge seo a cheannacht ach tá sé as stoc

An Chonair Chaoch

£25.00
CUR SÍOS

Cnuasach alt a eascraíonn as taighde a thionscnaigh léachtóirí agus iarscoláirí Aonad na Pleanála Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le blianta beaga anuas. Tá sé d'aidhm ag an leabhar plé oscailte macánta agus dioscúrsa leathan a chothú maidir leis an mionteangachas i gcomhthéacs an dátheangachais aontreoch. Feidhm agus torthaí an dátheangachais shóisialta i bpobail mhionteanga ina réimsí teangeolaíochta, sochtheangeolaíochta agus na pleanála straitéisí atá faoi chaibidil.

"Is é dea-scéala an phlé atá sa leabhar seo ná go dtuigimid gur drochscéala atá sa dátheangachas comhuaineach sa Ghaeltacht agus nach gcuirimid dallamullóg orainn féin i dtaobh impleachtaí na tuisceana seo don féiniúlacht Ghaelach. Le plé eolaíoch macánta agus le léargas fírinneach ar dheacrachtaí ár ndála is ea is féidir linn aghaidh mhisniúil a thabhairt ar an gcinniúint a shárú — coiscéim tosaigh an bheartais dóchais í an tuiscint." Gaelscéal

ATHBHREITHNITHE

TÁIRGÍ GAOLMHARA

AR AIS GO BARR AN LEATHANAIGH