Na Mairbh A d’Fhill by Cathal Ó Sándair
  • SKU: NA8523
  • Ar fáil: i stoc Go leor i stoc As Stoc Thig an táirge seo a cheannacht ach tá sé as stoc

Na Mairbh A d’Fhill by Cathal Ó Sándair

£7.50
CUR SÍOS

Heileo! Cé sin ag caint? Réics Carló? Is mise Séamus Ó Ceallacháin. Tá rud uafásach tar éis titim amach – tá an Dochtúir imithe!’

Nuair a fhuadaítear an Dr Leon, eolaí rí‑éirimiúil atá ag obair ar aireagán sár-rúnda ar son Rialtas na hÉireann, iarrtar ar a sheanchara Réics Carló an cás a fhiosrú. Tá Réics muiníneach go n-éireoidh leis Leon a thabhairt slán – níor theip air riamh cás a réiteach. De réir mar a théann sé i mbun oibre, áfach, tuigtear dó go bhfuil rud éigin as an ngnáth ar fad faoin gcás áirithe seo. Beidh clisteacht, cúnamh agus a dhá dhorn de dhíth air roimh dheireadh na heachtra seo.

Ar feadh dhá scór bliain chuir an scríbhneoir bisiúil Cathal Ó Sándair déagóirí na hÉireann ag léamh faoin mbinse scoile i ngan fhios do na múinteoirí. Seo chugainn i gcló arís a chéad leabhar, Na Mairbh a d’Fhill, ina gcuirimid aithne ar an mbleachtaire clúiteach Réics Carló. Bhí sciob sceab ar an leabhar seo lena linn – díoladh os cionn míle cóip de sa chéad mhí dó a bheith i gcló. Tá an t-eagrán nua seo curtha in oiriúint do léitheoirí óga an lae inniu.

ATHBHREITHNITHE

TÁIRGÍ GAOLMHARA

AR AIS GO BARR AN LEATHANAIGH