Ár i gCor Chomrua by Ré Ó'Laighléis
  • SKU:
  • Ar fáil: i stoc Go leor i stoc As Stoc Thig an táirge seo a cheannacht ach tá sé as stoc

Ár i gCor Chomrua by Ré Ó'Laighléis

£14.00
CUR SÍOS

1317 AD. É 1,500 bliain ó aimsir Shobharthan agus an troid a rinne sí in aghaidh an Oilc ar bhruach Loch Reasca. Í básaithe le fada fada, ach a hanam athionchollaithe i gcorp an tseanmhanaigh dhaill, Benignus, a bhfuil sé de bheannacht agus de mhallacht air – ach an oiread le Sobharthan roimhe – bua na físe a bheith aige. Tá sé ar dhuine de sheanóirí chomhluadar na Cistéirseach i Mainistir Chor Chomrua, ar shleasa sciollacha na Boirne

Dhá chlann Bhrianach in adharca a chéile agus an tOlc go smior i gcroí Fheardorcha, príomh-oifigeach in arm Dhonncha, an prionsa Brianach. Tabharfaidh fórsaí na gcol ceathracha Brianacha, Diarmaid agus Donncha, aghaidh ar a chéile i gceantar na mainistreach beannaithe agus troidfear go dearg-fhuilteach nó go sáraíonn duine acu an fear eile

Agus beidh caint air mar chath maidir lena bharbarthacht agus a fhíochmhaire thar mar a labhraíodh ar aon chath riamh roimhe
É sin uile ina chúlbhrat ar an bpaisean agus an grá atá ag Iarla, mac Dhiarmada, dá ghrá geal Sorcha, iníon le Mathún, atá ar dhuine de mhór-thacóirí Dhonncha. D'ainneoin a ndóchas dá dtodhchaí le chéile, is rímhaith is eol do na leannáin a bhfuil d'achrann agus de dhainséar rompu. Tá gach a tharlóidh dóibh lasmuigh díobh beirt, é faoi riar ag Maitheas agus Olc araon. Scéal grá, scéal faitchis, scéal dorcha

ATHBHREITHNITHE

TÁIRGÍ GAOLMHARA

AR AIS GO BARR AN LEATHANAIGH