Blas Meala: An Bheachaireacht Shimplí by Simon Ó Cróinín
  • SKU:
  • Ar fáil: i stoc Go leor i stoc As Stoc Thig an táirge seo a cheannacht ach tá sé as stoc

Blas Meala: An Bheachaireacht Shimplí by Simon Ó Cróinín

£13.00
CUR SÍOS

Ar ndóigh, chuala muid uilig go bhfuil obair na mbeach ar cheann de na nithe is deacra a thuiscint, ach ní mór a rá go bhfuil an-iarracht déanta sa leabhar seo tabhairt faoi.Is é atá ann scéal triúr fear agus a gcuid iarrachtaí bonn a chur faoin mbeachaireacht ar bhánta na Mí.Cuntas cuimsitheach atá sa leabhar seo ar conas beacha dubha dúchasacha na hÉireann a bhainistiú, na seifteanna ar éirigh leo mar aon leis na cinn nár éirigh, agus ar na bealaí is fearr chun stoc a bhainistiú.Tá cur síos ann ar thalamh, ar phlandaí, ar ainmhithe agus ar mhuintir Ríocht na Mí – lón machnaimh do dhuine ar bith ar spéis leo an nádúr agus gach a maireann ann. Mar bharr air seo, tá caibidil sa leabhar ar dhéanamh dheoch ársa na hÉireann: an mheá.

ATHBHREITHNITHE

TÁIRGÍ GAOLMHARA

AR AIS GO BARR AN LEATHANAIGH