Gugalaí Gug! Eagrán Céiliúrtha 10 Mbliana
Gugalaí Gug! Eagrán Céiliúrtha 10 Mbliana
  • SKU:
  • Ar fáil: i stoc Go leor i stoc As Stoc Thig an táirge seo a cheannacht ach tá sé as stoc

Gugalaí Gug! Eagrán Céiliúrtha 10 Mbliana

£18.75
CUR SÍOS

Ó céadeisíodh Gugalaí Gug sa bhliain 2005, tá páistí na tíre ag spalpadh rannta Gaeilge agus ag dul i dtaithí ar rithim agus cheol na Gaeilge. Os cionn deich mbliana ina dhiaidh sin, agus eagrán nua den chnuasach curtha ar fáil do pháistí an 21ú haois, níor maolaíodh ar an gcíocras cainte agus canta. Díríonn an cnuasach seo isteach ar rannta traidisiúnta Chonamara a bailíodh ó mhuintir na háite, rannta a bhí ar bhéal na sleachta romhainn ach a gcuirfidh glúin óg an lae inniu spéis iontu. Go leor aithrise agus spraoi le teanga a bheidh ann i gcleachtadh na rannta seo. I dtaca leis na tríocha rann, tá dlúthdhiosca ar fáil le go rachaidh na rannta ar do chluas, agus isteach i do chroí. D’fhéadfá seal a chaitheamh ag díriú isteach ar cheann aonair nó éisteacht leis an gcnuasach ó thús deireadh.

Ní stíl leanúnach maisitheoireachta atá sa chnuasach. Ina ainneoin sin, tá léaráidí agus cló éagsúil roghnaithe do chuile rann le beocht agus brí an ábhair a chur in iúl. Idir líníocht shimplí le d’aird a tharraingt ar an gcló ina bhfuil na línte scríofa, agus úsáid spraíúil íomhánna lándaite ardchodarsnacha; idir an rann suite i lár an leathanaigh agus blúiríní pictiúir thart timpeall air, agus línte na rannta pléasctha go dtí ceithre choirnéal an leathanaigh; tá pearsantacht ag gach rann. In amanna, is gá an leathanach a iompú thart le teacht ar an gcéad fhocal nó líne eile ach is fiú an tóraíocht toisc go nochtann tú taisce teanga.

ATHBHREITHNITHE

TÁIRGÍ GAOLMHARA

AR AIS GO BARR AN LEATHANAIGH